Oileáinín beag i gcuan cluthar an Ghleanna Ghairbh i mBá Bheanntraí is ea Garinis, a bhfuil a chlú imithe ar fud an domhain i measc gairneoirí agus iad sin a bhfuil spéis acu i gcrainn agus i dtoir, mar ghairdín oileáin sárálainn.

Tionscnamh i bpáirt idir John Annan agus Violet Bryce, úinéirí an oileáin ag an am, agus Harold Peto, ailtire agus dearthóir gairdíní iomráiteach, a bhí i gcruthú na ngairdíní ar Gharinis (ar a dtugtar Oileán an Chuilinn chomh maith) thart ar ochtó bliain ó shin. Tá ainm amuigh ar an oileán as saibhreas na bplandaí atá ag fás ann, idir chruth agus dhath, iad ag athrú de shíor de réir na séasúr. Sníonn cosáin thart ar an oileán agus chomh fada leis na foirgnimh fhíorspéisiúla atá le fáil sa ghairdín, an teampall Gréagach, an clogthúr, an casita, agus Sean-Túr Martello ina measc. Tá Teach Bryce, áitreabh an teaghlaigh ar an oileán ar feadh na mblianta fada, le feiceáil sa riocht ina raibh sé agus an teaghlach fós ag cur fúthu ann. Tá rogha dá mbailiúchán ollmhór de phictiúir, priontaí, léaráidí agus leabhair ar taispeántas taobh istigh. Tá Garinis faoi stiúir agus faoi bhainistíocht Oifig na nOibreacha Poiblí.

Pleanáil Cuairt

Uaireanta oscailte, suíomh, iompar agus tuilleadh.

Foghlaim Tuilleadh

Léigh faoi stair an oileáin.

Bailiúchán

Scrúdaigh buaicphointí an bhailiúcháin dealbhóireachta.

Turas ar Líne

Tabhair turas ar líne ar an oileán