Tá áthas orainn roinnt cáipéisí an-tábhachtacha a bhaineann le Garinis a chur ar fáil don phobal.
Bhailigh muintir Bryce earraí ó gach cearn den domhan: pictiúir Iodálacha, cairpéid ársa Pheirseacha, maircíneacht agus troscán neamhchoitianta Ollannach, chomh maith le píosaí cré-umha, oibreacha miotail, snoiteáin adhmaid, earraí eabhair, seodra, taipéisí, poircealláin, gloine, soithí airgid, leabhair agus deismireáin ón tSín, ó Bhurma agus ó Siam. Léiriú a mbailiúchán ar na spéiseanna a bhí ag muintir Bryce agus an taisteal a rinne siad, go háirithe athair Roland, John Annan, a chaith na blianta fada ag obair san Áise sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht in 1906. Cé gur scaipeadh an bailiúchán i Londain ar ceant chomh luath le 1923, tá an bailiúchán Éireannach slán go fóill mar a d’fhág Roland é in 1953.
Brúigh ar íomhá an doiciméid chun teacht air. Is féidir leat é a léamh ar líne nó a íoslódáíl go dtí do ríomhaire féin. Déan tagairt do Oifig na nOibreacha Poiblí in aon úsáid a bhaintear as na doiciméid seo, le do thoil. Freastalaíonn Teach Bryce agus Garinis orthu siúd atá i mbun taighde staire trí rochtain ar an gcartlann agus ar an mbailiúchán a cheadú. Is gá coinne a dhéanamh chun rochtain a fháil. Chun coinne a dhéanamh, téigh i dteagmháil linn, le do thoil.
Leabhar na gCuairteoirí, 1959
D’fhág an scríbhneoir Sasanach Agatha Christie a síniú i leabhar na gcuairteoirí nuair a thug sí cuairt in 1959.
Leabhrán Cuimhneacháin
Leabhrán Cuimhneacháin do Nigel Erskine Bryce, mac Violet agus John Annan Bryce. 1910.
Litir ó Éamon de Valera
Litir chlóscríofa ó Éamon de Valera go dtí Roland L’Estrange Bryce, 21 Bealtaine 1943.
