Teach Bryce

Scrollaigh síos do Thuras Ar Líne

An Parlús

I mblianta luatha an fichiú haois, ba mhinic muintir Bryce ag fáiltiú roimh chuairteoirí go dtí an teach a bhí acu i Londain, teach láidir de chuid na Liobrálach. Thagadh maithe is móruaisle na sochaí le chéile ag uimhir 35 Bryanston Square agus is ann a bhíodh na dinnéir, na báil, na ceolchoirmeacha carthanachta agus na léachtaí a d’eagraíodh Violet. D’eagraíodh an bhean spleodrach seo cóisirí dá clann páistí freisin, chun a ‘dteacht in inmhe’ sa tsochaí a chomóradh agus chun deiseanna a chur ar fáil dóibh le casadh le suirígh nua.

I ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, thosaigh muintir Bryce ag cur fáilte roimh chuairteoirí in Éirinn – cóisirí leadóige sa samhradh agus cóisirí beiriste sa gheimhreadh – agus b’annamh gan chuairteoir éigin ag fanacht sa teach féin nó sa Casita, an teach samhraidh sa ghairdín Iodálach. Chaithfí an tae beag sa Casita agus na cuairteoirí i mbun leadóige, nó ag an ‘Look Out’ trí dhoirse Francacha an Pharlúis. D’fhilleadh na cuairteoirí ar an seomra mór geal seo istoíche le scíth a ligean i measc na dtolg, na dtaobh-bhord mahagaine, na leabhar agus na ndéantán. Líon ceol ón ngramafón adhmad cearnógach an t-aer.

Ar na saothair ealaíne sa seomra tá dhá léaráid álainn i bpeann luaidhe leis an ealaíontóir Sasanach Edward Lear (1818-1888): Na Himiléithe in aice Nakunda agus Kinchinjunga ó Darjeeling. Tagann an dá shaothar seo le hábhar spéise agus leis an taisteal a rinne athair Roland, John Annan. Tá naipcíní boird monagramaithe a uncail James le feiceáil taobh leis an bhfoireann tae phoircealláin de chuid Hammersley and Co. leis an gciumhais bhánbhuí.

An Seomra Bia

Sa seomra seo, leis an solas breá ó na doirse Francacha agus radharc amach go dtí an áit suí taobh amuigh, a chaitheadh muintir Bryce agus a gcuairteoirí an iliomad bricfeastaí, lónta agus dinnéar suáilceach. Tá tinteán maorga le taibhléadan trom sa seomra seo le piléar balla barrchaolaithe cuislithe ar gach aon taobh, le cloigeann leon snoite agus mullach múnlaithe ar a mbarr agus lapaí snoite agus plionta cearnógach ar a mbun. Is é is dócha go raibh sé seo beartaithe don teach mór a bhí le tógáil taobh leis an túr Martello tráth.

Tá an bord leagtha le foireann dinnéir cheirmeach 59 píosa ‘Poppy’ – bhí roinnt acu seo ina seilbh ag muintir Bryce – mar aon le naipcíní monagramaithe John Annan. Tá foireann eile de phoirceallán fíneálta réitithe ar an gcornchlár. Is iad na hearraí is suntasaí sa seomra seo, áfach, ná na trí phictiúr de chuid na Seanmháistrí atá crochta ar an mballa.

An Chistin, an Lardrús agus an Chuile

Ba í Margaret O’Sullivan, bean tí mhuintir Bryce a d’oibrigh ar an oileán ar feadh os cionn seasca bliain, a bhí i bhfeighil na cistine, gan aon agó. Ba dheacair tagairt don oileán gan Maggie, mar ab fhearr aithne uirthi, a lua san aon abairt. Ba í an duine ba óige de dhá leanbh déag ag feirmeoir ó Bhoth Chearnaigh, trí mhíle ón nGleann Garbh ar an míntír. Tháinig sí go dtí Garinis agus í ina déaga sna 1920idí, chun áit a deirféar a bhí tar éis dul ar imirce go Meiriceá a thógáil. Caithfidh go raibh sé deacair go leor uirthi dul i dtaithí ar chóras an chloigín seirbhíse, nach raibh le fáil taobh amuigh de cheathrúna na searbhóntaí sna tithe ba mhó sna bailte agus faoin tuath, ar an mórgóir.

Tá foirne dinnéar agus tae de phoirceallán fíneálta ó bhailiúchán mhuintir Bryce le fáil sa chuile. Ceaptar gur tháinig cuid acu óna dteach i Londain.

Leabharlann James Bryce

Nuair a cheannaigh John Annan Bryce, M.P., Garinis in 1910, bhí a dheartháir níos sine, James, ina ambasadóir ag an mBreatain chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ar dhuine de na státairí ba mhó a thuill clú ag tús an fichiú haois. Saolaíodh na deartháireacha i mBéal Feirste, Contae Aontroma, áit ar mhúin a n-athair, máistir scoile agus Comhalta de Chumainn Gheolaíochta Bhaile Átha Cliath agus Londain, araon, grá don dúlra, don sléibhteoireacht agus don taisteal dóibh. Bhog muintir Bryce ó Bhéal Feirste go Glaschú sna 1840idí, agus is ann a d’fhreastail James agus John Annan ar an meánscoil agus ansin ar an ollscoil. Rinne siad beirt staidéar in Oxford chomh maith agus is ansin a ceapadh James ina Ollamh Regius le Dlí Sibhialta níos déanaí. Ba sa cháil seo a bhronnadh sé céimeanna oinigh de chuid na hollscoile: bronnadh ceann ar an bpéintéir agus dealbhóir ainmhithe Sir Edwin Landseer in 1870. Tá a leanas scríofa ar phlaic phráis ar an mbiúró atá ar taispeáint sa seomra seo: THIS TABLE BELONGED TO LANDSEER.

Tá seilfeanna na leabharlainne lán le foilseacháin ar théamaí éagsúla, roinnt a scríobh James ina measc. Scríbhneoir bisiúil a bhí ann. Bhunaigh a leabhar The Holy Roman Empire (1864) a stádas idirnáisiúnta mar staraí dlí agus rinne a staidéar clasaiceach ar institiúidí polaitiúla Mheiriceá, The American Commonwealth (1888), a cháil mar a bhain sé le lucht polaitíochta, oideachais, agus liteartha, araon. Bhí sé ina dhlúthchara agus ina chomhairleoir ag an bPríomh-Aire William E. Gladstone, agus chuaigh sé le polaitíocht in 1880 nuair a ghlac sé suíochán mar bhall den Pháirtí Liobrálach i dTeach na dTeachtaí. Bronnadh aireachtaí tábhachtacha éagsúla air agus tar éis dó a chion a dhéanamh mar Phríomh-Rúnaí na hÉireann seoladh chomh fada le Washington D.C. é in 1907, áit ar éirigh go han-mhaith leis mar ambasadóir. Bhí an Rí Seoirse V féin an-cheanúil air agus, nuair a bhásaigh James in 1922, sheol an rí a chomhbhrón go dtí Marion, an Bhíocuntaois Bryce, bean chéile James, ag maíomh go raibh sé ina ‘chomhairleoir dílis ar bhraith mé i gcónaí air’. Cuireadh bustaí comórtha dó in airde in Eaglais na Tríonóide i Nua-Eabhrac agus sa U.S. Capitol Building in Washington D.C., áit ar tiomnaíodh Bryce Park dó chomh maith.

Seomra Codlata Violet L’Estrange Bryce

Ba le Violet L’Estrange, bean de Shochaí ghalánta Londan ach de bhunadh Éireannach a phós John Annan Bryce in 1888, na hearraí monagramaithe sa seomra seo. Cé gur saolaíodh ar Oileán Mhuirís í, áit a raibh a hathair ina oifigeach in arm na Breataine, bhí Violet i gcónaí ar a compord in Éirinn agus d’éirigh sí an-cheanúil ar an nGleann Garbh tar éis di cuairt a thabhairt ar an gceantar ar dtús i dteannta a col ceathracha cáiliúla, Constance agus Eva Gore-Booth ó Lios an Daill i gContae Shligigh.

Nuair a cheannaigh muintir Bryce Garinis in 1910, thosaigh John Annan ar theach agus gairdíní a phleanáil agus thosaigh Violet ar an nGleann Garbh a chur chun cinn ar mhaithe leis an ngeilleagar áitiúil. Bhunaigh sí Taispeántas Talmhaíochta agus Tionsclaíochta an Ghleanna Ghairbh chomh maith, ag baint leas as a cuid cairde sa chúirt chun comhairle agus tacaíocht airgeadais a fháil ón rialtas. Bean dhiongbháilte, neamhbhalbh a bhí in Violet agus thacaigh sí le ceart vótála na mban, ag teacht salach ar thuairimí a fear céile agus a deartháir céile, ambasadóir na Breataine in Washington, ar an gceist. Sufraigéid mór le rá a bhí ina hiníon Margery chomh maith agus, de bharr a lucht aitheantais, bhí siad beirt go mór sa nuacht sna páipéir Shasanacha agus Mheiriceánacha araon.

Tá Teach Bryce go léir caomhnaithe go cúramach ar mhaithe lena shláine stairiúil.