Na Gairdíní

Bain sult as an Tírdhreach Deartha Álainn

An Gairdín Iodálach

Tá an gairdín domhain ar cheann de na gnéithe is suntasaí ar Oileán an Chuilinn, le colúnraí atá leagtha go galánta agus i ndea-chomhréir, céimeanna, léibhinn ardaithe agus struchtúir ghairdín atá cóirithe thart ar linn fhoirmeálta agus timpeallaithe le fálta bearrtha iúr. Tá na gnéithe seo uile fite fuaite go han-chliste leis an tírdhreach nádúrtha.

Bhí deis ag an gcuairteoir a bhí ag imirt cróicé nó leadóige ar na plásóga in aice láimhe scíth a ligean sa Casita, teach tae ar a thug Peto ‘teach an ghairdín’. Ceaptar gurbh é Pailliún Carlos V ón séú haois déag i ngairdíní an Alcázar i Sevilla na Spáinne a bhí mar inspioráid leis an Casita. Bhí Peto tar éis cuairt a thabhairt air in 1888. Tá an Casita tógtha le cloch Bath agus bíomaí tathagacha téice. Tá an taobh istigh painéalta le marmar Skyros (ó oileán Skyros na Gréige) leabaithe i marmar Carrara na Tuscáine. Ag seasamh duit faoin Casita, síneann an radharc amach thar an linn fhoirmeálta agus na léibhinn, amach thar an bpailliún (Teach Medici) agus na colúin dhearga Rosso Antico ansin, chomh fada le Cnoic na Ceachan ar an míntír. Gabhal Mhór a thugtar ar an mbinn shuaithinseach. Mearcair i mbun eitilte atá sa dealbh i gceartlár na linne.

Is iliomad agus is saibhir na plandaí a fhásann sa Ghairdín Iodálach. Ar na ciumhsóga, tá plandaí ceapaí atá roghnaithe go speisialta, measctha go cúramach le fiúisí andúchasacha agus an Abutilon agus an Cestrum. Samplaí an dá phlanda seo de speicis ó Mheiriceá Láir agus Theas a fhásann go rábach sa suíomh oiriúnach seo. Maisíonn bailiúchán de chrainn bhonsaí an láthair phábháilte. Tá Larix bhreá ina measc sin – a deirtear a bhfuil beagnach 300 bliain d’aois. Tá go leor plandaí áille sa chúlra a fheileann go hiontach mar chodarsnacht don Ghairdín Iodálach. Orthu seo tá Leptospermum-anna (Manuka) ollmhóra, Caiméilianna, na Callistemon-anna áille, miortail agus go leor Róslabhras cumhra – go háirithe Róslabhras x ‘Lady Alice Fitzwilliam’.

An Teampall Gréagach

Ag barr na gcéimeanna leanann an ceann tíre amach go dtí an Teampall Gréagach, cruinnteach gan díon a fhéachann amach i dtreo na farraige agus Chnoic na Ceachan. Cuireann an Agapanthus (Lile Afracach) an-taispeántas bláthanna amach i rith an tSamhraidh. Ag filleadh duit ón teampall, osclaíonn plásóg fhada amach os do chomhair, ar a dtugtar ‘Gleann an tSonais’. Tá sé ráite go raibh Peto ag tabhairt scéal Samuel Johnson faoi Rasselas chun cuimhne ar Oileán an Chuilinn, scéal a thráchtann ar Phrionsa seo na hAibisíne a d’éirigh cortha de shaol éasca ‘Ghleann an tSonais’ agus a d’fhág ar thóir an chomhlíonta agus an fhíorshásaimh, ag cur lena thuiscint ar an saol feadh na slí.

Tá bailiúchán fairsing de phlandaí ó gach aird den domhan i nGleann an tSonais. Ar thaobh na láimhe clé den phlásóg tá an Embothryium coccineum (crann tine Sileach) ar dearglasadh, an Myrtus lechleriana (Miortal) a bhíonn báite i mbláthanna bánbhuí sa Bhealtaine agus an crann síorghlas Drimys winteri (an Ghlasluibh). Baineann siad seo go léir ó dhúchas le Meiriceá Theas.

Ag siúl duit ón Teampall, ar thaobh na láimhe deise tá grúpa de Pinus thunbergii (Péine Dubh) ón tSeapáin agus faoina scáth siúd tá sampla iontach den Lagarostrobos crochta (Syn. Dacrydium) franklinii ón Tasmáin. Ní féidir an crann leochaileach seo a fhás ach sna gairdíní is oiriúnaí. Níos faide ar aghaidh, tá samplaí de mhion-Róslabhras, R. yakushimanum ón tSeapáin. Ar thaobh na láimhe clé den phríomhphlásóg tá bailiúchán fairsing de chrainn agus de thoir lena n-áirítear Eucryphia, speicis den Cornus, sprúis oirthearacha agus go leor hibridí luachmhara den Róslabhras.

An Túr Martello

Téann staighre fada de chéimeanna scealla gorma suas chomh fada leis an Túr Martello, atá tógtha ar an bpointe is airde ar an oileán. Oifig Cogaidh na Breataine a thóg é thart ar 1805, ar eagla go ndéanfadh Napoléon ionradh ar Éirinn. Mar aon le túir Martello eile i gcontae Chorcaí, tá ballaí ingearacha air seachas iad a bheith ar fiar mar is gnách leis na túir i gceantair eile. Deirtear gur sin toisc méid na báistí, a ghlanadh an moirtéal aoil amach as na ballaí a bhí ar fiar sula bhféadadh sé téachtadh.

Tá an túr in an-riocht go fóill agus tá radhairc áille lánléargais le feiceáil ann. Tá radharc ar Bhá Bheanntraí agus ar Fhaoide ón ionad amhairc ó dheas ón Túr Martello. Ba sa chuid seo d’Oileán an Chuilinn a bhí sé i gceist ag Annan Bryce ar dtús a theach cónaithe féin a thógáil. Bhí sé beartaithe go mbeadh an teach millteach mór agus go gceanglófaí an Túr Martello isteach leis, mar sheomra ceoil. Tá rian na cairéalachta agus na tochailte fós le feiceáil inniu.

An Gairdín Daingean

Tá cruth neamhghnách ar an nGairdín Daingean, toisc topagrafaíocht an oileáin, seans. Tá taca leis na ballaí taobh amuigh, rud a fhágann gur féidir le bailiúchán ar leith de phlandaí dreaptha fás ar an taobh istigh, speicis agus hibridí de Clematis go háirithe – saothróga mór le rá ar nós C. ‘Lasurstern’, C. ‘Nelly Moser’, C. ‘Marie Boisselot’ agus an C. ‘Ernest Markham’ peatrúinia-dhearg ina measc. Tá bailiúchán saibhir de rósanna dreapacha ar an mballa ó dheas, go háirithe Rosa ‘Chaplins Pink’ agus R. ‘Francis B Lester’, a thugann dathanna saibhre i rith míonna an tsamhraidh.

Ritheann ciumhsóg dhéthaobhach bhláthanna bhreá trí lár an Ghairdín Daingin. Anseo, trí mheascadh cúramach a dhéanamh ar phlandaí luibheacha agus bleibíneacha, le toir thaispeántais mar chúlra oiriúnach, cruthaítear ceann de mhórghnéithe gairneoireachta Oileán an Chuilinn. Coimeád súil amach do chineáil éagsúla den Aster, Centaurea, Delphinium, Erigeron, Euphorbia agus na Dáilianna taibhseacha.

Tá gach ceann den cheithre thúr coirnéil ar dhearadh éagsúil agus é le feiceáil i bpleananna Peto go raibh sé i gceist go mbeadh úsáid éagsúil leo uile chomh maith. Bhí sé i gceist go mbeadh an struchtúr ard leis na cruinneáin san iarthuaisceart ina ‘Chlogthúr’, bhí na coirnéil san iardheisceart agus san oirthuaisceart le bheith ina ‘dTithe Gairdín’, agus bhí an coirnéal san oirdheisceart le húsáid mar stóras uirlisí. Tá na túir go léir tógtha le cloch Bath. Coimeád súil amach den sarcafagas fíor-ornáideach de mharmar Rómhánach ar a bhfuil go leor dealbha breátha leagtha. Tá sampla breá den Michelia doltsopa / Magnolia doltsopa, planda tearc ó na Himiléithe, le feiceáil ar thaobh na láimhe clé den sarcafagas. Bíonn an speiceas seo faoi bhláth san earrach déanach. Ní féidir an planda leochaileach seo a fhás taobh amuigh ach amháin sna haeráidí is boige.

Na Plásóga

Tráth dá raibh, bhí an áit a bhfuil an phlásóg oscailte agus an láthair shuí ghairbhéil anois leagtha amach mar chúirteanna cróicé agus leadóige. Bhí bun na plásóige, taobh leis an ngairdín daingean, timpeallaithe le fálta bearrtha a raibh éin tordheartha orthu. Taobh istigh de na gairdíní daingne bheadh an chuma air go raibh na héin ag suí ar na ballaí. Talamh portaigh an chéad lá ab ea an áit a bhfuil na plásóga anois agus tá sí á slogadh arís de réir a chéile. Sa lá atá inniu ann, tá plandaí le fáil sna ciumhsóga ar nós an Beschorneria yuccoides leochaileach agus an Viburnum plicatum ‘Lanarth’ galánta ar thaobh na láimhe deise, le samplaí breátha den Magnolia, Leptospermum, Azara agus Ceanothus lena gcúl. Tá Pieris ‘Murdo Mackenzie’ mar aon leis an iliomad cineál Róslabhras, Caiméilianna, Hiodrainsianna agus Fiúisí le fáil sna ciumhsóga. Is taibhseach an radharc atá le fáil ar an Casita, é clúdaithe le Vistéirianna. Tá an port fraoigh ar thaobh a láimhe clé agus ciumhsóg mheasctha na plásóige lena bailiúchán breá ar thaobh a láimhe deise. Bunaíodh gairdín comórtha céad bliain ar thaobh na láimhe deise den phlásóg chun céad bliain tar éis d’Annan Bryce Garinis a cheannach a cheiliúradh.

Tá samplaí breátha den Crinodendron, den Piptanthus ón mBútáin agus den Acradenia frankliniae coimhthíoch le fáil i gciumhsóg na plásóige. Fágann an raidhse dathanna ó iliomad cineál Ceanothus, Oiléirianna, Magnóilianna, Pieris agus ón Melianthus major galánta go mbíonn an chiumhsóg phlásóige seo spéisiúil agus difriúil ar feadh séasúir fhada.