Roinnt Buaicphointí den Bhailiúchán
Spreag síocháin agus áilleacht an oileáin cruthaitheacht ealaíonta i measc ghaolta agus chairde mhuintir Bryce. Mheall sé daoine mór le rá san athbheochan litríochta agus chultúrtha a bhain le gluaiseacht an rialtais dúchais ag tús an fichiú haois chomh maith. Ina measc siúd bhí an scríbhneoir agus péintéir George Russell (AE) (1867–1935), a tharraing radharc de Ghleann an tSonais agus é ar cuairt in 1923.
Ag teacht leis an troscán ornáideach, na brait Oirthearacha agus na hearraí criadóireachta taobh istigh de theach Bryce, tá saothair ealaíne áitiúla crochta taobh le priontaí Seapánacha, léarscáileanna, portráidí agus sceitsí teaghlaigh, léaráidí i bpeann luaidhe agus i gcrián de radhairc stairiúla, agus íomhánna uiscedhathanna de thíortha i bhfad i gcéin.
Chuir Roland leis an mbailiúchán ealaíne sna 1930idí agus sna 1940idí. Bhí ábhar de chuid na ndaoine seo a leanas i measc na saothar: a chara Patrick Buchan-Hepburn, an Tiarna Hailes (1901–74), an tsufraigéid Lily Florence Waring (1877–1966), an t-ealaíontóir Éireannach a bhuaigh bonn sna cluichí Oilimpeacha Letitia Marion Hamilton (1878–1964) agus na healaíontóirí Corcaíocha, Sylvia Cooke-Collis (1900–73) agus George Pennefather (1905–67).
