Gairneoireacht ar Gharinis

Ceann de na Gairdíní is Suntasaí san Eoraip

Gairdín atá aitheanta ar cheann de mhóréachtaí Harold Peto is ea Garinis agus tá cáil air ar fud an domhain as an gcumasc atá déanta ann de smaointe ón stíl Ealaíon agus Ceardaíochta agus ailtireacht sa stíl Iodálach, suite taobh istigh de chomhthéacs nádúraíoch, amhail Robinson. Baintear an-úsáid as léargais agus as na radhairc áille ar na sléibhte agus ar an bhfarraige sa dearadh.

Tá Garinis ar cheann de na gairdíní is suntasaí san Eoraip. Tá tábhacht an bhailiúcháin phlandaí ann aitheanta go hidirnáisiúnta. Plandaí ón Leathsféar Theas den chuid is mó atá i gceist, ar féidir iad a fhás sa suíomh cluthar seo a bhuíochas leis an teas a thagann ó Shruth na Murascaille. Is eol dúinn gur cuireadh an-chuid den bhailiúchán plandaí le chéile sna blianta tar éis na ngairdíní a bheith bunaithe ar dtús agus, ós léir nach mbaineann siad leis an stíl mheasartha a chleacht Harold Peto, is féidir linn a bheith cinnte gur Murdo McKenzie agus Roland Bryce a bheartaigh iad a fhás.

Téann an phríomhghairdín foirmeálta ón iarthar go hoirthear, é ag feidhmiú mar nasc idir an gairdín domhain Iodálach, an Casita (teach gairdín), an phlásóg fhoirmeálta (d’imrítí cróicé agus leadóg amsep ar dtús, í leagtha ar phortach atá á slogadh de réir a chéile) agus an gairdín daingean. Tá gairdín neamhfhoirmeálta comhthreomhar leis an ais fhoirmeálta seo, a théann ón ‘dTeampall Gréagach’ trí ‘Ghleann an tSonais’, plásóg féaraigh le plandaí curtha ar gach taobh, suas maolán carraigeach go dtí an Túr Martello. Tá an dá ais nasctha ag gach taobh agus tagann siad le chéile sa lár chomh maith faoi scáth na ‘Dufaire’ lena raithneacha craobhacha agus gairdíní portaigh.

Michelia Doltsopa ó na Himiléithe. OOP.
Learóg Bhonsaí 300 bliain d’aois. OOP.
Clianthus Puniceus. OOP.

Tá an gairdín domhain, atá bunaithe ar an stíl chlasaiceach agus ar a dtugtar an Gairdín Iodálach, ar cheann de na gnéithe is suntasaí d’Oileán an Chuilinn, le colúnraí atá leagtha go galánta agus i ndea-chomhréir, céimeanna, léibhinn ardaithe agus struchtúir ghairdín atá cóirithe thart ar linn fhoirmeálta agus timpeallaithe le fálta bearrtha iúr. Tá na gnéithe seo uile fite fuaite go han-chliste leis an tírdhreach nádúrtha.

Is iliomad agus is saibhir na plandaí a fhásann sa Ghairdín Iodálach. Ar na ciumhsóga, tá plandaí ceapaí atá roghnaithe go speisialta, measctha go cúramach le fiúisí andúchasacha agus an Abutilon agus an Cestrum. Samplaí an dá phlanda seo de speicis ó Mheiriceá Láir agus Theas a fhásann go rábach sa suíomh oiriúnach seo. Maisíonn bailiúchán de chrainn bhonsaí an láthair phábháilte. Tá Larix breá ina measc sin – a deirtear a bhfuil beagnach 300 bliain d’aois. Tá go leor plandaí áille sa chúlra a fheileann go hiontach mar chodarsnacht don Ghairdín Iodálach. Orthu seo tá Leptospermum-anna (Manuka) ollmhóra, Caiméilianna, na Callistemon-anna áille, miortail agus go leor Róslabhras cumhra – go háirithe Róslabhras x ‘Lady Alice Fitzwilliam’.

Casann an cosán ón nGairdín Iodálach go dtí Gleann an tSonais trí cheapóga dlútha de chrainn agus de thoir choimhthíocha. Ina measc, tá sampla iontach den Phyllocladus toatoa ón Nua-Shéalainn, na bláthanna beoga dearga agus buí ar chruth an trumpa den Desfontainia spinosa (Cuileann Sileach), mar aon le mionbhláthanna bána cumhra an Osmanthus delavayi álainn. Sa cheapóg chorrach ar clé tá go leor plandaí le duilliúr codarsnach, Pseudopanax laetus go háirithe ag tabhairt na trópaicí chun cuimhne, agus an speiceas agus saothróga oirthearach Pieris lena duilleoga óga dearga gléineacha agus bláthanna líonmhara bána ar chruth an phróca. Tá sampla gleoite den Drimys winteri le feiceáil chomh maith. Baineann an crann síorghlas seo leis an Airgintín agus an tSile ó dhúchas.

Magnóilia. OOP.
Camellia York agus Lancaster. OOP.
Embothrium Coccineum: an Crann Tine Sileach. OOP.

Ag an taobh thiar de Ghleann an tSonais, téann céimeanna agus starr amach go dtí an Teampall Gréagach, cruinnteach gan díon a fhéachann amach i dtreo na farraige agus Chnoic na Ceachan. Tá bonnchlocha ar gach aon taobh an chosáin suas go dtí an Teampall. Mar bhonn d’iothlainneacha agus do chruacha féir a mbaintí úsáid as na clocha seo, atá ar chruth na mbeacán, an chéad lá. Chosnaíodh na bonnchlocha iad ar mhionainmhithe agus ar thaise. Cuireann an Agapanthus (an Lile Afracach) an-taispeántas bláthanna amach i rith an tsamhraidh.

Téann an phlásóg choille le fána ón Teampall Gréagach agus tagtar chuig linn Feileastraim ag an bpointe is ísle, le clocha cora inti chun í a thrasnú. Ag an taobh thoir den linn, tosaíonn an phlásóg ag éirí de réir a chéile, le buaircínigh bhreátha ar thaobh na slí, Metasequoia glyptostroboides (Crónghiúis na Camhaoire) agus an Pseudolarix (Learóg Órga) coimhthíoch ina measc. An Túr Martello atá anseo in airde, suas céimeanna clocha go dtí an pointe is airde ar an oileán.
Tá bailiúchán fairsing de phlandaí ó gach aird den domhan i nGleann an tSonais. In aice leis an Teampall Gréagach tá grúpa de Pinus thunbergii (Péine Dubh) ón tSeapáin agus faoina scáth siúd tá sampla iontach den Lagarostrobos crochta (Syn. Dacrydium) franklinii ón Tasmáin. Ní féidir an crann leochaileach seo a fhás ach sna gairdíní is oiriúnaí. Ar an taobh ó thuaidh den phlásóg tá an Embothryium coccineum (crann tine Sileach) ar dearglasadh, an Myrtus lechleriana (Miortal) a bhíonn báite i mbláthanna bánbhuí sa Bhealtaine agus an crann síorghlas Drimys winteri (an Ghlasluibh). Baineann siad seo go léir ó dhúchas le Meiriceá Theas. Tá Chamaecyparis lawsoniana ‘Elwoodii’ fíor-ard anseo chomh maith. Tá an crann seo, a cuireadh in 1941, neamhghnách go maith, óir is mionbhuaircíneach é de ghnáth i ngairdíní. Tá Agathis australis ar leith ón Nua-Shéalainn anseo chomh maith. Tá rath ar go leor Róslabhras breátha sa láthair seo, R. fortunei, R. formosum/R. iteophyllum, R. macabeanum lena dhuilleoga móra, agus an hibrid leis na bláthanna dúscarlóideacha dearga, ‘Romany Chal’, ina measc. Tá samplaí de mhion-Róslabhras, R. yakushimanum ón tSeapáin, anseo chomh maith. Ar thaobh na láimhe clé den phríomhphlásóg tá bailiúchán fairsing de chrainn agus de thoir lena n-áirítear Eucryphia, speicis den Cornus, sprúis oirthearacha agus go leor hibridí luachmhara den Róslabhras.

Tá coillearnach dhomhainfhothana le fáil sa Dufair, an ceantar idir Gleann an tSonais agus na gairdíní níos foirmeálta. Cruthaíonn na dálaí sin timpeallacht atá oiriúnach do phlandaí coillearnaí agus scátha cosúil leis na raithneacha craobhacha ollmhóra ón Nua-Shéalainn, an Rhododendron falconeri a chuirfeadh crann i gcuimhne duit, mar aon le cineáil agus speicis éagsúla den Camellia, Rhododendron, Pittosporum agus an Schima khasiana tearc agus leochaileach ón tSín.

Téann staighre fada de chéimeanna scealla gorma suas chomh fada leis an Túr Martello, atá tógtha ar an bpointe is airde ar an oileán. Oifig Cogaidh na Breataine a thóg é thart ar 1805, ar eagla go ndéanfadh Napoléon ionradh ar Éirinn. Mar aon le túir Martello eile i gcontae Chorcaí, tá ballaí ingearacha air seachas iad a bheith ar fiar mar is gnách leis na túir i gceantair eile. Tá an túr in an-riocht go fóill agus tá radhairc áille lánléargais le feiceáil ann. Tá radharc ar Bhá Bheanntraí agus ar Fhaoide ón ionad amhairc ó dheas ón Túr Martello. Ba sa chuid seo d’Oileán an Chuilinn a raibh sé i gceist ag John Annan Bryce ar dtús a theach cónaithe féin a thógáil. Bhí sé beartaithe go mbeadh an teach millteach mór agus go gceanglófaí an Túr Martello isteach leis. Tá lánléargas ar ghairdíní agus suíomh foirmeálta Oileán an Chuilinn ón ionad amhairc in aice láimhe, an Gairdín Daingean agus an Clogthúr ansin; an Casita taobh leis an nGairdín Iodálach; agus radhairc iontacha de Chnoic na Ceachan agus de Chuan an Ghleanna Ghairbh, san áireamh.

Cyathea Dealbata: an raithneach chraobhach airgid Nua Shéalannach. OOP.

Tá cruth neamhghnách ar an nGairdín Daingean, toisc topagrafacht an oileáin agus an gá a bhí leis an mbuncharraig a shéideadh, seans. Tá taca leis na ballaí taobh amuigh, rud a thugann an deis do bhailiúchán ar leith de phlandaí dreaptha fás ar a dtaobh istigh, speicis agus hibridí den Clematis go háirithe – saothróga móra le rá ar nós C. ‘Lasurstern’, C. ‘Nelly Moser’, C. ‘Marie Boisselot’ agus an C. ‘Ernest Markham’ peatrúinia-dhearg ina measc. Tá bailiúchán breá de rósanna dreapacha ar an mballa lena aghaidh i dtreo an deiscirt ar dheis, go háirithe Rosa ‘Chaplins Pink’ agus R. ‘Francis B Lester’, a thugann dathanna saibhre i rith míonna an tsamhraidh.

Bhí na garraithe glasraí fálaithe ann ar dtús le táirgí cistine a sholáthar dóibh siúd a chónaigh ar an oileán, leithéidí glasraí, prátaí, torthaí agus bláthanna gearrtha. Bhí bothán potaithe agus tithe gloine téite mar chuid de phleananna Peto agus é i gceist aige go gcuirfí réimse leathan plandaí, ar a raibh fíniúnacha luatha agus déanacha, musc-chaora, agus péitseoga luatha agus déanacha. Bhí tithe bláthanna agus tithe magairlíní mar aon le frámaí sna pleananna chomh maith. Tá plandaí ornáideacha taibhseacha le fáil go flúirseach sna gairdíní daingne anois.

Ritheann ciumhsóg dhéthaobhach bhláthanna bhreá trí lár an Ghairdín Daingin. Tá crainn torthaí le balla (úlla agus piorraí) taobh thiar dóibh, rud a thug fothain agus scáth do na ceapa glasraí tráth. Anseo, trí mheascadh cúramach a dhéanamh ar phlandaí luibheacha agus bleibíneacha, le toir thaispeántais mar chúlra oiriúnach, cruthaítear ceann de mhórghnéithe gairneoireachta Oileán an Chuilinn. Coimeád súil amach do chineáil éagsúla den Aster, Centaurea, Delphinium, Erigeron, Euphorbia, mar aon leis na Dáilianna taibhseacha.

Tá sarcafagas fíor-ornáideach de mharmar Rómhánach, ón ré Bhiosántach, ar a bhfuil go leor dealbha breátha leagtha le feiceáil sna gairdíní chomh maith. Tá sampla breá den Michelia doltsopa / Magnolia doltsopa, planda tearc ó na Himiléithe, le feiceáil ar thaobh na láimhe clé den sarcafagas. Bíonn an speiceas seo faoi bhláth san earrach. Ní féidir an planda leochaileach seo a fhás taobh amuigh ach amháin sna haeráidí is boige.

An Péine Soilire Nua Shéalannach. OOP.
Myrtus Lechleriana. OOP.
Drimys Winteri. OOP.

Tráth dá raibh, bhí an áit a bhfuil an phlásóg oscailte agus an láthair shuí ghairbhéil anois suite leagtha amach mar chúirteanna cróicé agus leadóige. Is léir ó ghrianghraif stairiúla go raibh fálta bearrtha anseo a raibh éin tordheartha orthu. Talamh portaigh an chéad lá ab ea an áit a bhfuil na plásóga anois agus tá sí á slogadh arís de réir a chéile.

Sa lá atá inniu ann, tá plandaí le fáil sna ciumhsóga ar nós an Beschorneria yuccoides leochaileach agus an Viburnum plicatum ‘Lanarth’ galánta, le samplaí breátha den Magnolia, Leptospermum, Azara agus Ceanothus lena gcúl. Tá Pieris ‘Murdo Mackenzie’ mar aon leis an iliomad cineál Róslabhras, Caiméilianna, Hiodrainsianna agus Fiúisí le fáil sna ciumhsóga.

Tá samplaí breátha den Crinodendron, den Piptanthus (Beallaí Síorghlas) ón mBútáin agus den Acradenia frankliniae coimhthíoch le fáil i gciumhsóg na plásóige. Fágann an raidhse dathanna ó iliomad cineál Ceanothus, Oiléirianna, Magnóilianna, Pieris agus ón Melianthus major galánta go mbíonn an chiumhsóg phlásóige seo spéisiúil agus difriúil ó thús deireadh an tséasúir.

Bunaíodh gairdín comórtha céad bliain ar an taobh ó thuaidh den phlásóg chun céad bliain tar éis do John Annan Bryce Garinis a cheannach a cheiliúradh.

Tá creasa fothana fairsinge curtha thart ar Gharinis. Tá os cionn cúig heictéar faoi na creasa seo agus struchtúr aoise réasúnta measctha le fáil sna crainn iontu. Is léir go bhfuil crainn fhéin-síoltha d’aoiseanna éagsúla tar éis fás i spásanna nár líonadh. Crainn phéine den chuid is mó iad, go háirithe Pinus radiata agus Pinus sylvestris, le foshampla de speicis eile de chufróga, ghiúiseanna agus sprúis. Tá na craobhacha ísle scoite ag na crainn fhásta (mar is gnách leis na speicis sin) agus táthar ag brath ar chlampaí den Griselinia síorghlas anois le haghaidh fothana sa chuid is ísle. Rinneadh creasa fothana sa bhreis orthu sin a phlandú in 2014/15 i lár Ghleann an tSonais, nuair a thit roinnt crann mór fásta i stoirmeacha an gheimhridh. Speicis de Phéine agus de Olearia atá i gceist sa phlandú nua.